Apacailipsis (Taispeántadh) 6 ABN

Osclaíonn an tUan Sé Shéala

1 Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”

2 D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.

3 Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.”

4 Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.

5 Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.

6 Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”

7 Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”

8 D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.

9 Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.

10 Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”

11 Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.

12 Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,

13 agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.

14 Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n‑ionad.

15 Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,

16 agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;

17 óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22