Apacailipsis (Taispeántadh) 12 ABN

Fís na Mná agus an Dragan

1 Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.

2 Bhí gin aici ina broinn, agus d'éigh sí ina híona agus ina pianta linbh.

3 Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n‑adharc agus seacht gcoróin ar a chinn.

4 Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.

5 Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach.

6 Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.

7 Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D'fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,

8 ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n‑ionad sna flaithis feasta.

9 An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.

10 Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.

11 Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.

12 Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”

13 Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic.

14 Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.

15 Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d'fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.

16 Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.

17 Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.

18 Agus sheas sé ar bhruach na farraige.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22