Apacailipsis (Taispeántadh) 8 ABN

1 Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.

An Seachtú Séala -- Urnaithe na Naomh ag Brostú an Lae

2 Ansin chonaic mé seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n‑aingil a bhí ina seasamh os comhair Dé.

3 Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.

4 Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé.

5 Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.

Na Chéad Cheithre Thrumpa

6 Ansin phrapáil na seacht n‑aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh.

7 Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.

8 Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.

9 Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.

10 Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

11 “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.

12 Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.

13 Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22