1 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.
2 Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé d'oibreacha foirfe os comhair mo Dhé.
3 Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.
4 Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.
5 An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.
6 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”
7 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:
8 Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.
9 Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
10 De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.
11 Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin.
12 An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.
13 An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”
14 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láoidícéa: ‘Mar seo a deir an tAmen, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé.
15 Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú!
16 De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.
17 Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.
18 Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.
19 An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.
20 Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.
21 An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.
22 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’ ”