2 agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh,
3 agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.
4 Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”
5 Agus an t‑aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d'ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus
6 mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,
7 ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d'fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.”
8 Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.”