1 Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;
2 ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.
3 Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.
4 Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.
5 Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.