10 Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.
11 Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.
12 Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”
13 Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic.
14 Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.
15 Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d'fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.
16 Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.