1 Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n‑adharc agus seacht g ceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n‑adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn.
2 Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.
3 Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.
4 Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”