5 Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
6 D'oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n‑áitreabh acu sna flaithis.
7 Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.
8 Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.
9 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé:
10 “Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé.Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh.Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”
11 Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.