2 Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm - bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,
3 agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá:“Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha,a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.Is cóir agus is fíor do chasáin,a rí na gciníocha.
4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna,agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm?Óir is tú amháin is naofa.Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós,óir foilsíodh do bhreithiúnais.”
5 Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,
6 agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.
7 Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.
8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.