1 Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n‑aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.”
2 Agus d'imigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh.
3 Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil san fharraige bás.
4 Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh.
5 Agus chuala mé aingeal na n‑uiscí á rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.
6 Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”
7 Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”