5 Agus chuala mé aingeal na n‑uiscí á rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.
6 Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”
7 Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”
8 Dhoirt an ceathrú haingeal a shoitheach ar an ngrian, agus ceadaíodh dise na daoine a loscadh le tine,
9 agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.
10 Dhoirt an cúigiú haingeal a shoitheach ar ríchathaoir an bheithígh, agus luigh dorchacht ar a ríocht, agus chogain daoine a dteanga le barr péine,
11 agus mhaslaigh siad Dia na bhflaitheas de bharr a bpianta agus a neascóidí ach ní dhearna siad aithrí ina n‑oibreacha.