1 Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.
2 Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”
3 Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.
4 Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d'uafáis agus de shalachair a striapachais.
5 Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”
6 Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.
7 Agus dúirt an t‑aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n‑adharc.”