15 Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.
16 Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,
17 óir chuir Dia ina gcroí a mhian féin a dhéanamh, a bheith d'aon mhéin, agus a ríocht a thoirbhirt don bheithíoch nó go gcomhlíonfar briathra Dé.
18 Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.”