14 “Tá fómhar mór mhiangas d'anama éalaithe uait.Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.”
15 Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón,
16 á rá:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid,agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.
17 Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.”Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach
18 agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?”
19 Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais;in aon uair amháin scriosadh í.
20 A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe,bíodh lúcháir oraibh dá barr.Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”