17 Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.”Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach
18 agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?”
19 Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón:“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais;in aon uair amháin scriosadh í.
20 A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe,bíodh lúcháir oraibh dá barr.Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”
21 Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá:“Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht,gan fáil uirthi feasta.
22 Agus ní chloisfear a thuilleadh ionatceol na gcruitirí, ná na gcantairí,ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí.Ní bheidh ceardaí aon cheirde,le fáil ionat a thuilleadh;ná ní bheidh glór an mhuilinnle clos ionat feasta.
23 Ná ní shoilseoidh solas lóchrainnionat a thuilleadh;ná ní bheidh guth fir ná mná céilele cloisteáil ionat feasta.Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain;agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.