2 Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá:“Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór!Rinne nead lonnaithe deamhan di,agus daingean gach spioraid mhíghlain,agus tearmann gach éin bhréin,[agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;
3 óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais.Rinne ríthe an domhain striapachas léiAgus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”
4 Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá:“Amach libh aisti, a phobal liom,i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta,agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.
5 Óir shroich a cionta na flaithisagus thug Dia a héagóra chun cuimhne.
6 Díolaigí an comhar léi;cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi.An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile],meascaigí dise é le dúbailt tomhais.
7 De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach,tugaigí di peannaid agus doilíos.Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir;ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’
8 Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánnabás agus doilíos agus gorta,agus loscfar í le tine.Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”