21 Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá:“Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht,gan fáil uirthi feasta.
22 Agus ní chloisfear a thuilleadh ionatceol na gcruitirí, ná na gcantairí,ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí.Ní bheidh ceardaí aon cheirde,le fáil ionat a thuilleadh;ná ní bheidh glór an mhuilinnle clos ionat feasta.
23 Ná ní shoilseoidh solas lóchrainnionat a thuilleadh;ná ní bheidh guth fir ná mná céilele cloisteáil ionat feasta.Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain;agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.
24 Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léiragus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.”