5 Óir shroich a cionta na flaithisagus thug Dia a héagóra chun cuimhne.
6 Díolaigí an comhar léi;cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi.An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile],meascaigí dise é le dúbailt tomhais.
7 De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach,tugaigí di peannaid agus doilíos.Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir;ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’
8 Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánnabás agus doilíos agus gorta,agus loscfar í le tine.Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”
9 Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;
10 agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad:“Is mairg duit, is mairg a chathair mhór,a Bhablóin, a chathair thréan,óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”
11 Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta -