7 De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach,tugaigí di peannaid agus doilíos.Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir;ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’
8 Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánnabás agus doilíos agus gorta,agus loscfar í le tine.Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”
9 Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;
10 agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad:“Is mairg duit, is mairg a chathair mhór,a Bhablóin, a chathair thréan,óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”
11 Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta -
12 lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;
13 ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.