1 Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá:“Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.
2 Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir.Thug sé breith ar an striapach mhóra thruailligh an domhan lena striapachas.Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”
3 Ghlaoigh siad arís:“Alleluia! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.”
4 Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: “Amen. Alleluia.”
5 Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá:“Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis,sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”
6 Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá:“Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.
7 Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó.Óir tá bainis an Uain tagtha,agus tá a nuachair arna hullmhú féin.