4 Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: “Amen. Alleluia.”
5 Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá:“Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis,sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”
6 Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá:“Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.
7 Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó.Óir tá bainis an Uain tagtha,agus tá a nuachair arna hullmhú féin.
8 Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach”(óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).
9 Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”
10 Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”