1 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:
2 Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.
3 Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m'ainm gan traochadh.
4 Ach tá seo agam i d'aghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair.