17 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”
18 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:
19 Is eol dom d'oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d'fhoighne, agus go sáraíonn d'oibreacha le déanaí ar d'oibreacha a chéaduair.
20 Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.
21 Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.
22 Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;
23 agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.