2 Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.
3 Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m'ainm gan traochadh.
4 Ach tá seo agam i d'aghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair.
5 Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.
6 Ach tá seo i d'fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis.
7 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”
8 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: