21 Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.
22 Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;
23 agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.
24 An chuid agaibhse i dTíaitíora, áfach, atá fágtha, iadsan uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh;
25 ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.
26 Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m'oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,
27 mar a fuair mise ó m'athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh;