9 Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.
10 Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.
11 An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.”
12 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:
13 Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.
14 Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.
15 Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Niocoláiteach sa tslí chéanna.