1 Ansin chonaic mé an t‑aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.
2 Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,
3 agus chaith sé é don duibheagán, agus d'iaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é scaoileadh ar feadh tamaillín.
4 Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.