15 Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.
16 Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile.
17 Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal.
18 Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine.
19 Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid;
20 an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t‑ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t‑aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis.
21 Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.