18 Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine.
19 Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid;
20 an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t‑ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t‑aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis.
21 Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.
22 Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.
23 Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.
24 Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.