24 Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.
25 Ní dhúnfar a geataí sa lá - agus oíche ní bheidh ansiúd.
26 Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti.
27 Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.