8 Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a d'fhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh.
9 Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”
10 Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.
11 Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”
12 “Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.
13 Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.”
14 Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.