1 Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;
2 agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”
3 Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.
4 Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.
5 Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
6 Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.
7 Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir.