1 Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.
2 Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir,
3 agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.”
4 Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.
5 Cuireadh an séalaar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá,ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen,ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,
6 ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar,ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím,ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,