3 agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.”
4 Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.
5 Cuireadh an séalaar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá,ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen,ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,
6 ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar,ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím,ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,
7 ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon,ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví,ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,
8 ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun,ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef,ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.
9 Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.