1 Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.
2 Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.
3 Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.
4 Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d'fhéar na talún, ná d'aon fhás ná d'aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n‑éadan.
5 Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.
6 Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.