16 Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua - chuala mé a líon - dhá oiread deich míle de dheich míle fear.
17 Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.
18 Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.
19 Óir tá cumhacht na n‑each ina mbéal agus ina n‑eireaball. Tá a n‑eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.
20 Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.
21 Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n‑asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.