1 Taisbeunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, chum na neitheann is éigean do bheith ann go lúath dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh; agus ar gcur theachdaireachda úadh ré na aingeal dó do thaisbéin sé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:
2 An tí do rinne fíadhnuise do bhréithir Dé, agus dfíadhnuise Iósa Críosd, agus dá gach ní dhá bhfacuidh sé.
3 As beannuighe an tí léigheas, agus an dream éisdeas bríathra na fáidheadóireachd so, agus choimhéudus na neithe atá sgríobhtha innte: óir atá a naimsir a láthair.
4 Eoin chum na seachd neagluíseadh atá sa Násia: Grása maille ribh, agus síothcháin, ón tí áta, agus do bhí agus bhías; agus ó na seachd Spioraduibh noch atá a bhfíadhnuise a árdchatháoiresion;
5 Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,