Taisbeanadh 15 BEDELL

Caibidil XV

Seachd plágha ó Dhía ar ti dortadh a mach ar an impireachd fhoiregeantach, iodholadhrach, ré seachd nainglibh.

1 Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.

2 Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairrge gloinidhe ar na cúmasg ré teine: agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a chómhartha, agus ar úibhir a anma, na seasamh ag an bhfairrge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca.

3 Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh, As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh; is comhthrom fírinneach do shlighese, a Rí na ccineádhach.

4 Cía air nach biáidh eagla rómhad, a Thíghearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naomhtha: óir tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad fíadhnuise; óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.

5 Agus damhairc mé ná dhiáigh sin, agus, féuch, do hosgladh teampoll thabernacuil na fíadhnuise ar neamh:

6 Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrúghadh ré creasanuibh órrgha a dtimchioll a nochda.

7 Agus tug beathach do na ceithre beathaidhibh do na seachd nainglibh seachd soithighe órrgha líonta dfeirg Dé, mhaireas go sáoghal na sáoghal.

8 Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chúmhachduibh; agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal ar na gcríochnughadh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22