Taisbeanadh 8 BEDELL

Caibidil VIII

Amhluadh mór déis séideadh cheithre, do na seachd sdocaibh.

1 Agus an tan do fhosguil sé an seachdmhadh séula, do bhí cíunas ar neamh túairim leathuáire.

2 Agus do chonnairc mé na seachd naingil do sheas a bhfíadhnuise Dé; agus tugadh seachd sduic dhóibh.

3 Agus tainic aingeal eile agus do sheas sé a bhfíadhnuise na haltora, agá raibh sionnsa órrgha; agus tugadh móran do neithibh deaghbhaluidh dhó, chum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar a naltóir órrgha do bhí a bhfíadhnuise na catháoire.

4 Agus do chuáidh deatach na neitheann ndéaghbhaluidh sin, maille ré hurnuighibh na náomh as láimh a naingil a bhfíadhnuise Dé.

5 Agus do ghlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do theine na haltóra, agus do theilg sé fan dtalamh é: agus do éirigh góthanna, agus tóirneach, agus tinnteach, agus crith talmhan ann.

6 Agus do ullmhúigheadar na seachd naingil agá rabhadar na seachd sduic íad féin chum na sdoc do shéideadh.

7 Agus do shéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloichshneachda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeadh íad fón dtalamh: agus do dhóigheadh an treas cuid do na crannuibh, agus do dóigheadh an féur glas uile.

8 Agus do shéid an dara haingeal a sdoc agus do teilgeadh cosamhlachd sléibhe móir tré theinidh fan bhfairrge: agus do rinneadh fuil don treas cuid don fhairrge;

9 Agus fuáir an treas an cuid do na creatúiribh do bhí sa bhfairrge, ann a raibh anam, bás; agus do haidhmhilleadh an treas cuid do na longuibh.

10 Agus do shéid an treas aingeal a sdoc, agus do thuit réult mhór ó néamh, ar dearglasadh mar lóchrann sholasda, agus do thuit sé sa treas cuid do na haibhnibh, agus sna tiubruidibh duisge;

11 Agus a sé ainm ghoirthear don réult sin Mormónta: agus do hiompoigheadh an treas cuid do na huisgidhibh a mormónta; agus fúaradar morán bás ó ná huisgidhibh, tré go rabhadar searbh.

12 Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh; ionnus go ndearnadh an treas cuid diobh dorcha, agus níor dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.

13 Agus do chonnairc mé, agus do chúaluidh mé aingeal ná áonar ag eitealluidh a meadhón neimhe, ag rádh do ghúth árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitigheas an talamh ar son ghóthann sdoc na dtrí naingeal atá fós chum teachda, ar tí a sdoc do shéideadh!

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22