1 Sgriobh chum aingil eagluise Ephesuis; Ag so na neithe a deir an tí chomgmhas na seachd réulta na láimh dheis, noch shiúbhlas a meadhón na seachd gcoinnleóir órrgha;
2 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do sháothar, agus thfoighid, agus nách éidir leachd iomchar ris na drochdháoinibh: agus gur dhearbh tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus nach eadh, agus fuáir tú breúgach íad:
3 Agus do cuireadh eire ort, agus iomchruidh tú go foighideach, agus ar son mhanmasa do rinne tú sáothar, agus níor tuirsigheadh thú.
4 Gidheadh atá agum a tádhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh.
5 Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.
6 Gidheadh atá so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícoláiteach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.
7 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisidhibh; Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhón phárrthais Dé.
8 Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó;
9 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt, agus do bhochdaine, (gidheadh atá tú sáidhbhir) agus an mhalsa do bheir an dream noch a dei gur Iúduigheadh íad féin, agus ní headh achd sinagóig Shátain.
10 Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.
11 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an spiorud ris na heagluisidhibh; An tí bheireas buáidh ní bhfuighe sé dochar ón dara bás.
12 Agus sgriobh chum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíthe a deir an tí agá bhfuil an cloidheamh géur dhá fháobhar;
13 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, a náit a bhfuil ardchatháoir Shátain: agus coimhéudann tú mainmse, agus níor shéun tú mo chreideamh, sna laethibh fós ionar marbhadh Antipas mfíadhnuise fhíre, eadruibhse, sa nionad na bhfuil Sátan na chomhnuighe.
14 Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuil agud sa náit sin dream leanas do theagusg Bhálaam, an tí do theaguisg Bálac fá adhbhar oilbhéime do chur roimhe chloinn Israél, ionnus go níosdáois na neithe do bhí ar na niodhbairt diodhaluibh, agus go ndéunaidís sdríopachas.
15 As amhluidh sin atá agudsa mar an gcéudna dream leanas do theagusg na Nicoláiteach, an ní air a bhfuil fúath agumsa.
16 Déun aithrighe; nó tiucfa mé ort go haithghéarr, agus troidfead ríu ré cloidheamh mo bhéil.
17 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhíbh; Do bhéurad don tí bheireas buáidh ré a ithe don mhanna fholuigheach, agus do bhéur dhó cloch gheal, agus ainm núadh sgríobhtha air an gcloich, nách aithnidh daóin neach achd amháin don tí ghlacas í.
18 Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neithe a deir Mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar Iasair theineadh, agus a chosa cosmhuil ré fionnbhruiné;
19 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do ghrádh, agus do mhíniosdrálachd, agus do chreideamh, agus dfoighid, agus do ghníomhartha, agus gur líonmhuire íad fá dheireadh ná ó thosuigh.
20 Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.
21 Agus tug mé aimsir dhi chum aithrighe dhéunamh a dtáobh a sdríopachais; agus ní dhearna sí aithrighe.
22 Féuch, teilgfé mé í a leabuidh, agus an dream do ní drúis ría a mbuáidhirt ro mhóir, muna dhearnuid síad aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.
23 Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseacha uíle gur misi sgrúduigheóir na ndubhán agus na gcroidhtheach: agus do bhéur dá gach áon aguibhse réir bhur ngníomharthadh.
24 Agus a deirim ribhse, agús rís an gcuid eile do luchd Thiatíra, an mhéid nach ccongmhann an teagusgsa, agus dá nach feas doimhne Shátain, mar a deirid síad; ní cuirfead oruibh úalach eile.
25 Gidheadh congmhuigh an ní atá aguibh go teachd damhsa.
26 Agus an tí bheireas buáidh, agus chomgmhus moibreachasa gus an gcrích dheigheanuidh, do bhéur cúmhachda dhó ós cionn na gcineadhach:
27 Agus do dhéunuidh a ríaghlughadh ré slait íaruinn; agus do dhéuntar a gcoimbriseadh mar shoithighe críadh: amhuil as do ghlac mise fós óm Athair.
28 Agus do bhéur dhó réult na maidne.
29 An tí agá bhfuil clúas éisdeadh se, créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.