Taisbeanadh 21 BEDELL

Caibidil XXI

Neamh núadh agus talamh núamh arson na bfirein.

1 Agus do chonnairc mé neamh núadh agus talamh núadh: óir do chúaidh an céidneamh agus an céud thalamh thoruinn; agus ní raibh fairrge ann ní sa mhó.

2 Agus do chonnairc misi Eóin an chathair náomhtha, Ierusalem núadh, ag teachd o Dhía a núas ó neamh, ar na hullmhughadh amhuil ghléusas bean núadhphósda í féin fá chomhair a fir.

3 Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía.

4 Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.

5 Agus a dubhairt an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir, Féuch, do ním na huile neithe núadh. Agus a dubhairt sé ríom, Sgríobh: óir is fírinneach díleas na bríathrasa.

6 Agus a dubhairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh. Do bhéura mé don tí ar a bhfuil tart ní ré ibhe do thobar uisge na beatha a naisgidh.

7 An tí bheireas buáidh budh hoighre é ar an huile neithibh; agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.

8 Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.

9 Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.

10 Agus rug sé leis mé trés an sbioruid chum sléibhe móir áird, agus do thaisbéin sé dhamh an chathair mhór, Ierusalém náomhtha, ag teachd ó Dhía a núas as neamh,

11 Agá raibh glóir Dé: agus bá cosmhail an lonnradh do bhí innte ré chloich laspis, comhghlan ré Criosdal;

12 Agus do bhí balla mór árd aice, ar a rabhadar dha gheata dhéug, agus dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon anmanna dhá thréabh dhéug chloinne Isráel.

13 Do bhádar trí gheata don táobh shoir; trí gheata don táobh thuáigh; trí gheata don táobh theas; agus trí gheata don táobh shíar.

14 Agus do bhádar dhá fhonndameint déug ag balla na caithreach, agus iontasan anmanna dhá absdail déug a Nuáin.

15 Agus do bhí ag an tí do labhair riom giolcach órrgha, chum na caithreach agus a geatuigheadh, agus a balla do thomhas dó.

16 Agus do bhí an chathair ar na suighuighadh go ceathair uilleannach, agus dob ionann fad agus leithead di: agus do thomhais sé an chathair ris an ngiolcach, dhá mhíle dhéug sdáid. Agus is ionann fad agus leithead agus áirde dhi.

17 Agus do thomhais sé a bálla, céud agus ceathair air dhá fhichead chúbhad, do réir mhíosuir dhuine, eadhon, a naingil.

18 Agus is ré cloich Iaspis do tógbhadh súas a balla: agus bá hór glan an chathair féin, cosmhail ré gloine fíorghlan.

19 Agus do bhádar fonndameinteintíghe bhalla na caithreach ar na ndéunamh deaghmhaiseach ris a nuile gné chloch úasal. Bá Iaspis an céud fhundameint: Saphir, an dara fonndameint; Smaragaid, an ceáthramhadh fonndameint;

20 Sardónics, an cuigeadh fonndameint; Sardinis, an seiseadh fonndameint; Chriosolit, an seachdmhadh fonndameint; Berill, an tochdmhadh fonndameint; Topáis, an náomhadh fonndameint; Chrisophrasuis, an deachmhadh fonndameint; Iácint, an táonughadh fonndameint déug; Ametist an dara fonndameint déug.

21 Agus do bhádar an dá gheata dhéug na ndá bpéurla dhéug; agus is déinphéurla do rinneadh gach geata dhíobh fó leith: agus do bhí sráid na caithreach na hór ghlan, amhuil gloine dheallruigheach.

22 Agus ní fhácuidh mé teampoll innte óir a sé an Tíghearna Día Uilechumhachdach agus an Túán as teampoll di.

23 Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.

24 Agus siubhalfuidh na cineadhacha díobh ata slan ann a solais sin: agus béuruid ríghthe na talmhan a nglóir agus a nonóir chuice.

25 Agus ní dúnfuighthear a geatuídhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.

26 Agus béurthár glóir agus onóir na gcineadhach da hionnsuighe.

27 Agus ni racha a steach innte ní ar bith neamhghlan, ná do ní gráineamhlachd, ná bréug: achd amháin an dream atá sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22