Taisbeanadh 10 BEDELL

Caibidil X

Tug treun-aingeal ioma raibh neull, leabhar Deóin; bhí milis, ag teachd ar fúascladh na Heagluise as an inmhe shearbh a uáraibh roime.

1 Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar eile ag teachd a núas ón neamh, ar na éudughadh do néul: agus an bógha uisge ar a cheánn, agus a aghuidh mar an ngréin, agus a chosa cosmhuil ré colamnuibh teineadh:

2 Agus do bhi leabhrán osguilte aige ann a láimh: agus do chuir sé a chos deas ar muir, agus a chos chlí ar tír,

3 Agus do éigh sé do ghúth árd, amhuil bhéiceas leomhan: agus an tan do éigh se, do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna.

4 Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.

5 Agus do thóg an taingeal do chonnairc mé na sheasamh ar muir agus ar tír a lámh suas chum nimhe,

6 Agus tug sé an tí mhaireas go sáoghal na sáoghal, noch do chrúthuigh neamh, agus na neithe atá ann, agus an talamh, agus na neithe atá ann, agus a nfairrge, agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda:

7 Achd a láethibh ghotha an seachdmhadh aingeal, an tan shéidfeas sé a sdoc, biáidh rúindíamhair Dé ar na chriochnúghadh, do réir mar do fhoillsigh sé dhá shearbhfhoghantuighibh féin na fáidhe.

8 Agus do labhair an gúth do chúaluidh mé ó neamh a rís riom, agus a dubhairt, Imthigh romhad glac an leabhrán osguilte úd a laimh a naingil sheasas air muir agus air tír.

9 Agus do imthigh mé chum a naingil, agus a dubhairt mé ris, Tabhair dhamh an leabhrán. Agus a dubhairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do dhéuna sé do bhruinn searbh, achd biáidh sé ad bhéul comhmilis ré mil.

10 Agus do ghlac mé an leabhrán as láimh a naingil, agus do shluig mé é; agus do bhí sé am bhéul comhmilis ré mil: achd an tan do shluig mé é, do rinne sé mo bhruinn searbh.

11 Agus a dubhairt sé ríom, is éigean duit fáidheadóireachd do dhéunamh a rís a bhfíadhnuise a niomad phuibleacha, agus chineadhacha, agus theangtha, agus mhoráin ríghteadh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22