4 Eoin chum na seachd neagluíseadh atá sa Násia: Grása maille ribh, agus síothcháin, ón tí áta, agus do bhí agus bhías; agus ó na seachd Spioraduibh noch atá a bhfíadhnuise a árdchatháoiresion;
5 Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
6 Agus do rinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá Athair; glóir agus cúmhachda dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.
7 Féuch, atá sé ag teachd maílle ré neulluibh; agus do chífidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise. As amhluidh bhías, Amén.
8 As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.
9 Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcómhchompánach a dtáobh bhuáidheartha, agus ríoghachda agus fhúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Iósa Críosd.
10 Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chúaluidh mé don táobh shíar dhíom gúth mór mar fhuáim sduic,