5 Agus do thóg an taingeal do chonnairc mé na sheasamh ar muir agus ar tír a lámh suas chum nimhe,
6 Agus tug sé an tí mhaireas go sáoghal na sáoghal, noch do chrúthuigh neamh, agus na neithe atá ann, agus an talamh, agus na neithe atá ann, agus a nfairrge, agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda:
7 Achd a láethibh ghotha an seachdmhadh aingeal, an tan shéidfeas sé a sdoc, biáidh rúindíamhair Dé ar na chriochnúghadh, do réir mar do fhoillsigh sé dhá shearbhfhoghantuighibh féin na fáidhe.
8 Agus do labhair an gúth do chúaluidh mé ó neamh a rís riom, agus a dubhairt, Imthigh romhad glac an leabhrán osguilte úd a laimh a naingil sheasas air muir agus air tír.
9 Agus do imthigh mé chum a naingil, agus a dubhairt mé ris, Tabhair dhamh an leabhrán. Agus a dubhairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do dhéuna sé do bhruinn searbh, achd biáidh sé ad bhéul comhmilis ré mil.
10 Agus do ghlac mé an leabhrán as láimh a naingil, agus do shluig mé é; agus do bhí sé am bhéul comhmilis ré mil: achd an tan do shluig mé é, do rinne sé mo bhruinn searbh.
11 Agus a dubhairt sé ríom, is éigean duit fáidheadóireachd do dhéunamh a rís a bhfíadhnuise a niomad phuibleacha, agus chineadhacha, agus theangtha, agus mhoráin ríghteadh.