1 Agus tugadh dhamh giolcach cosmhuil ré slait: agus do sheas an taingeal láimh riom, agus a dubhairt, Eiridh, agus tomhais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirbhís ann.
2 Achd teilg amach an chúirt atá don táobh amuigh don teampoll, agus ná tomhais í; óir tugadh í do na Cineadhachuibh: agus do dhéunuid an chathair náomhtha shaltairt fá na gcosuibh ré headh dhá mhíos agus dá fhíchead.
3 Agus do bhéura mé cúmhachd dom dhá fíadhnuisighe, agus béid síad ag faidheadóireachd míle dhá chéud agus trí fichid lá, ar na néudughadh déuduighibh róin.
4 Ag so an dá chrann ola agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfiadhnuise Thíghearna na talmhan.
5 Agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigean a mharbhadh,
6 Atá do chúmhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach mbíadh fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cúmhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil, agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.