1 Agus do sheas mé air ghaineamh na mara, agus do chonnairc mé ainmhidhe ag éirighe as an bhfairrge, air a rabhadar seachd gcinn agus deich nadhárca, agus deich gcorónacha ar a adhárcuibh, agus ainm blaisphéime air a cheannuibh.
2 Agus bá cosmhuil an tainmhidhe do chonnairc mé ré liopard, agus bá cosmhuil a chosá ré cosuibh mhathghamhuin mhóir, agus bá cosmhuil a bhéul ré béul leomhain: agus tug an dragún a neart féin, agus a chathaóir, agus cúmhachda móra dhó.
3 Agus do chonnairc mé ceann dá cheannuibh amhuil do bhíadh cneadh bháis air; agus do leigheasadh a chneadh bháis: agus do ghabh iongnadh an talamh uile a ndiáigh a nainmhidhe.
4 Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?
5 Agus tugadh béul do labhrus neithe mora agus blaisphéimigh; agus tugadh cúmhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.
6 Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh; chum a anma mhaslughadh, agus a thabernacail, agus na druinge áireabhas air neamh.
7 Agus tugadh dhó cogadh dhéunamh ris na náomhuibh, agus buáidh do bhreith orrtha: agus tugadh cúmhachda dhó ós cionn gach uile thréibhe, agus theanguidh, agus chinidh.