14 Agus do mheall sé an luchd áitreabhas an talamh do bhrígh na miorbhuileadh tugadh dhó ré a ndéunamh láthair a nainmhidhe; ag rádh ris an luchd áitreabhas an talamh, Iomháigh a dhéunamh don náinmhidhe, air a raibh an buille cloidhimh, agus do bhí béo.
15 Agus tugadh cúmhachda dhó, sbíorad do thabhairt díomháigh a náinmhidhe, ionnus go laibhéoradh iomháigh a nainmhidhe, agus go dtiubhradh fó deara an mhéidnach dtiubhradh onóir díomhaigh a nainmhidhe, do mharbhadh.
16 Agus tug sé air a nuile dhuine, eidir bheag agus mhór, eidir shaidhbhir agus dhaidhbhir, eidir sháor agus dáor, comhartha do ghabháil chuca na láimh dheis, nó a gcláruibh a néudan:
17 Agus nach bíadh cúmas ag éinneach réic nó ceannach, achd amháin ag an tí ar a mbíadh an comhartha, nó ainm a nainmhidhe, nó úibhir a anma.
18 Ann so atá a néagna. An tí agá bhfuil inntleachd áirmheadh sé úibhir a nainmhidhe: óir as úibhir dhuine é; agus a sé as uibhir dhó Sé chéud trí fichid agus a sé.