4 Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?
5 Agus tugadh béul do labhrus neithe mora agus blaisphéimigh; agus tugadh cúmhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.
6 Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh; chum a anma mhaslughadh, agus a thabernacail, agus na druinge áireabhas air neamh.
7 Agus tugadh dhó cogadh dhéunamh ris na náomhuibh, agus buáidh do bhreith orrtha: agus tugadh cúmhachda dhó ós cionn gach uile thréibhe, agus theanguidh, agus chinidh.
8 Uime sin do bhéuruidh na huile dhaóine áitreabhas an talamh onóir dhó, an luchd nach bhfuilid a nanmanna sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin do marbhadh ó thosach an domhain.
9 Gidh bé agá bhfuil clúas, éisdeadh sé.
10 Cía bé bhéuras neach ris a mbruid rachuidh sé féin a mbruid: cía bé mharbhas ré cloídheamh is éigean é féin do mharbhadh ré cloídheamh. Is ann so atá foighid agus creideamh na náomh.