6 Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh; chum a anma mhaslughadh, agus a thabernacail, agus na druinge áireabhas air neamh.
7 Agus tugadh dhó cogadh dhéunamh ris na náomhuibh, agus buáidh do bhreith orrtha: agus tugadh cúmhachda dhó ós cionn gach uile thréibhe, agus theanguidh, agus chinidh.
8 Uime sin do bhéuruidh na huile dhaóine áitreabhas an talamh onóir dhó, an luchd nach bhfuilid a nanmanna sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin do marbhadh ó thosach an domhain.
9 Gidh bé agá bhfuil clúas, éisdeadh sé.
10 Cía bé bhéuras neach ris a mbruid rachuidh sé féin a mbruid: cía bé mharbhas ré cloídheamh is éigean é féin do mharbhadh ré cloídheamh. Is ann so atá foighid agus creideamh na náomh.
11 Agus do chonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh; air a rabhadar dhá adháirc cosmhuil ré hadhárcuibh uáin, achd do labhradh se mar dhragún.
12 Agus do rinne sé gach ní dár bhféidir ris an gcéud ainmidhe dhéunamh dhá lathair, agus tug sé air an dtalamh agus air an druing áitreabhas ann onóir do thabhairt don chéud áinmhidhe, agár leigheasadh a chneadh bháis.